Tuislí Aistriúcháin – design a Aistriú go Gaeilge

Tuislí Aistriúcháin – design a Aistriú go Gaeilge

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR! ábhar nuachtlitir na seachtaine is ea na tuislí a bhaineann leis an mbriathar Béarla design a aistriú go Gaeilge agus seifteanna áirithe lena leithéid a aistriú go beacht. Sin le rá, díreoimid ár n-aird ar chuid de na bealaí a ngabhann daoine amú nuair a bhíonn siad ag iarraidh an múnla sin a thabhairt slán sa Ghaeilge.

Is minic sa Bhéarla oifigiúil a úsáidtear an briathar design. Bítear ag trácht ar ‘designing courses’, nó ‘a policy designed to...’ agus araile. Seo a leanas tuilleadh samplaí ó Collins English Dictionary (CED) den úsáid úd a bhítear a bhaint as design sa Bhéarla (samplaí ó CED):

·?????? We may be able to design a course to suit your particular needs.

·?????? Computer security systems will be designed by independent technicians.

·?????? A number of very well designed studies have been undertaken.

Sna cásanna sin, agus i gcásanna eile dá leithéid, is minc le haistritheoirí Gaeilge an briathar dear a úsáid mar leagan Gaeilge ar design. Ní aistriúchán cruinn é sin, mar gur iomrall Béarla agus Gaeilge atá ann.

Má deirtear sa Ghaeilge gur dhear duine rud éigin, is ionann sin agus a rá go ndearna an duine sin líníocht mhionsonraithe de rud éigin, ar treoir í an líníocht sin go minic chun gur féidir an rud sin a dhéanamh nó a thógáil. Mar sin de, baineann dear na Gaeilge le héadaí, le grafaicí, le líníochtaí, agus araile. Ní hin é a bhíonn i gceist nuair a bhítear ag trácht ar ‘designing policies, courses, schemes’ nó, go deimhin ar ‘something designed for/to...’ ach an oiread.

Sna samplaí thuasluaite ó CED, is ionann an chiall le design agus deviseprepare an Bhéarla. Sin le rá, má tá ‘someone designs a policy, system, scheme, etc.’ i gceist, is ionann sin agus a rá go bhfuil an rud sin á chruthú, á ullmhú, á réiteach, agus/nó á phleanáil ag duine. An briathar Gaeilge is feiliúnaí sa chás sin – briathar a thugann an méid sin uilig slán – is ea ceap. Ach grinniú ceart a dhéanamh ar an iontráil le haghaidh ceap in Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill (FGB), tabharfaidh an léitheoir faoi deara go gcláraítear an chiall sin i measc na samplaí úsáide faoi dhara ciall an bhriathair (FGB):

Ar an gcaoi sin, seo a leanas aistriúchán cruinn Gaeilge ar shamplaí thuasluaite CED:

·?????? Seans go bhféadfaimid cúrsa a cheapadh a bheidh feiliúnach do do chuid riachtanas.

·?????? Ceapfaidh teicneoirí neamhspleácha córais slándála ríomhaireachta.

·?????? Tugadh faoin iomad staidéar dea-cheaptha.

Ar an gcaoi sin, ní mór d’aistritheoirí a bheith airdeallach nuair a thagann an focal Béarla design faoina mbráid. Ní mór dóibh cuimhneamh i gcónaí air go bhfuil dhá chiall le design an Bhéarla. Agus ní mór dóibh ciall an bhriathair a dheimhniú, déanamh amach cibé cé acu dearceap atá i gceist agus aistriúchán cuí a sholáthar dá réir.

要查看或添加评论,请登录

STAR Translation Recruitment的更多文章

  • An Tuiseal Ginideach Cuid 1

    An Tuiseal Ginideach Cuid 1

    Aoine shona, a aistritheoirí! An tseachtain seo, táimid chun spléachadh a fháil ar an tuiseal ginideach. ábhar…

    3 条评论
  • Tuislí Aistriúcháin – done/performed by

    Tuislí Aistriúcháin – done/performed by

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR! ábhar nuachtlitir na seachtaine is ea…

  • Gaeilge Thír Chonaill 2

    Gaeilge Thír Chonaill 2

    Aoine shona, a aistritheoirí! D’fhéachamar an tseachtain seo caite ar na difríochtaí a bhaineann le Gaeilge Thír…

    5 条评论
  • Gaeilge Thír Chonaill

    Gaeilge Thír Chonaill

    Aoine shona, a aistritheoirí! Is í Gaeilge Thír Chonaill ábhar nuachtlitir na seachtaine seo. Chun tús a chur lenár…

    3 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a Ceathair

    Cairde Bréige: Cuid a Ceathair

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR! Ag leanúint dúinn ar an gcúrsa a…

    6 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a Trí

    Cairde Bréige: Cuid a Trí

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR agus beannachtaí na bliana úire oraibh…

    4 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a Dó

    Cairde Bréige: Cuid a Dó

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Ag leanúint dúinn ar an gcúrsa a…

    1 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a hAon

    Cairde Bréige: Cuid a hAon

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. ábhar nuachtlitir na seachtaine seo…

    2 条评论
  • Friotal atá Neodrach ó Thaobh Inscne de – Cuid 2

    Friotal atá Neodrach ó Thaobh Inscne de – Cuid 2

    Ag leanúint dúinn ar an gcúrsa a leagadh síos an tseachtain seo caite, friotal atá neodrach ó thaobh inscne de is ea…

    2 条评论
  • Friotal atá Neodrach ó Thaobh Inscne de – Cuid 1

    Friotal atá Neodrach ó Thaobh Inscne de – Cuid 1

    Friotal atá neodrach ó thaobh inscne de is ea ábhar nuachtlitreach na seachtaine seo. Mórcheist chigilteach…

    2 条评论