Sos a Thógáil
STAR Translation Recruitment
Connecting with new translators around the globe. Translation Manager at STAR Translation Services Dublin
Aoine Shona, a aistritheoirí. Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Seo í nuachtlitir dheireanach na bliana! Chuaigh an bhliain sin thart go tapa! Nílim chun mearbhall a chur oraibh le riail ghramadaí uafásach teicniúil inniu! é sin ráite, tá téama na nuachtlitreach seo chomh tábhachtach le cúrsaí gramadaí i saol an aistriúcháin. Is é sin, sos a thógáil!
Mar is eol dúinn go léir, mar aistritheoirí, bíonn orainn a bheith go hiomlán dírithe ar théacs agus muid ag aistriú. Obair thuirsiúil atá ann agus bíonn orainn a bheith an-eagraithe ar fad. Níl sé indéanta obair chomh dian sin a dhéanamh gan sos a thógáil agus gan aire a thabhairt dúinn féin. Mura nglacfaimid sosanna, déanfaimid botúin. Anuas air sin, bíonn sé dian orainn a bheith ag féachaint ar scáileáin an lá ar fad. Ba bhliain ghnóthach d’aistritheoirí Gaeilge ab ea 2023. Tá sos uainn go léir.
An bhfuil aon leideanna agaibh maidir le cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach? An gcuireann aon rud ar leith le bhur bhféinsmacht? Nó an bhfuil rún na hAthbhliana agaibh ina leith? Inis dúinn!
Míle buíochas libh go léir a léigh an nuachtlitir seo i rith na bliana. Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir. Guíonn an fhoireann STAR gach rath agus séan oraibh. Bígí slán agus sábháilte.
#translation #gaeilge #irish #Ireland #teanga #Aistriúchán #Aistritheoir