Seiceáil litrithe

Seiceáil litrithe

Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, pléifimid na slite is féidir litriú ceart a chinntiú san aistriúchán.

?

Is féidir leis an nGaeilge a bheith casta agus bíonn orainn súil ghéar a choimeád ar chúrsaí litrithe agus gramadaí dá bharr. Mar sin, is fearr na hacmhainní atá ar fáil a úsáid chun a chinntiú go bhfuil na nithe éasca ar fad i gceart agat i do thionscadail ionas gur féidir leat tionscadail ardchaighdeáin a sholáthar.??

Bí cinnte seiceáil litrithe a dhéanamh ar Transit NXT sula seolann tú do thionscadal ar ais chuig an mbainisteoir tionscadail. Aithneoidh an tseiceáil seo roinnt botúin litrithe agus is féidir na ceartúcháin a dhéanamh go héasca. Leis an uasdátú is déanaí ar Transit, is féidir leat a roghnú an tseiceáil a dhéanamh le MS Word, rud a chiallaíonn gur féidir caighdeán níos airde fós a fháil má tá seiceálaí litrithe, ar nós GaelSpell agus Anois, suiteáilte ar do ríomhaire agat. Roghnaigh 'MS Word' faoin rogha 'Based on...' in Transit.?

Agus an tseiceáil á déanamh agat, beidh an rogha agat an focal a athrú nó é a chur leis an bhfoclóir, nó is féidir neamhaird a thabhairt air má tá an litriú i gceart.?

Is acmhainn iontach é Cruinneog chun litriú agus gramadach a sheiceáil. Is féidir GaelGram a úsáid go héasca ar do bhrabhsálaí chun téacsanna a sheiceáil. Is féidir GaelSpell agus Anois a shuiteáil ar do ríomhaire chomh maith agus é a úsáid in MS Word, agus in Transit NXT anois, chun litriú a sheiceáil go héasca. Bíonn an rogha agat an focal a cheartú nó, má tá an litriú ceart agat, é a chur leis an bhfoclóir ionas go n-aithneofar an chéad uair eile é.??

#translation #gaeilge #irish #Ireland #teanga #Aistriúchán #Aistritheoir

要查看或添加评论,请登录

STAR Translation Recruitment的更多文章

  • Tuislí Aistriúcháin – design a Aistriú go Gaeilge

    Tuislí Aistriúcháin – design a Aistriú go Gaeilge

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR! ábhar nuachtlitir na seachtaine is ea…

  • An Tuiseal Ginideach Cuid 1

    An Tuiseal Ginideach Cuid 1

    Aoine shona, a aistritheoirí! An tseachtain seo, táimid chun spléachadh a fháil ar an tuiseal ginideach. ábhar…

    3 条评论
  • Tuislí Aistriúcháin – done/performed by

    Tuislí Aistriúcháin – done/performed by

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR! ábhar nuachtlitir na seachtaine is ea…

  • Gaeilge Thír Chonaill 2

    Gaeilge Thír Chonaill 2

    Aoine shona, a aistritheoirí! D’fhéachamar an tseachtain seo caite ar na difríochtaí a bhaineann le Gaeilge Thír…

    5 条评论
  • Gaeilge Thír Chonaill

    Gaeilge Thír Chonaill

    Aoine shona, a aistritheoirí! Is í Gaeilge Thír Chonaill ábhar nuachtlitir na seachtaine seo. Chun tús a chur lenár…

    3 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a Ceathair

    Cairde Bréige: Cuid a Ceathair

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR! Ag leanúint dúinn ar an gcúrsa a…

    6 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a Trí

    Cairde Bréige: Cuid a Trí

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR agus beannachtaí na bliana úire oraibh…

    4 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a Dó

    Cairde Bréige: Cuid a Dó

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Ag leanúint dúinn ar an gcúrsa a…

    1 条评论
  • Cairde Bréige: Cuid a hAon

    Cairde Bréige: Cuid a hAon

    Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. ábhar nuachtlitir na seachtaine seo…

    2 条评论
  • Friotal atá Neodrach ó Thaobh Inscne de – Cuid 2

    Friotal atá Neodrach ó Thaobh Inscne de – Cuid 2

    Ag leanúint dúinn ar an gcúrsa a leagadh síos an tseachtain seo caite, friotal atá neodrach ó thaobh inscne de is ea…

    2 条评论

社区洞察

其他会员也浏览了