An Orduimhir
STAR Translation Recruitment
Connecting with new translators around the globe. Translation Manager at STAR Translation Services Dublin
Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, caithfimid súil ar an Orduimhir.
?
An chéad chatagóir
Caitear leis an orduimhir ar bhealach éagsúil ó na bunuimhreacha; mar sin, bíonn rialacha éagsúla i gceist leo. De réir an Chaighdeáin Oifigiúil, cuireann an orduimhir céad séimhiú ar an ainmfhocal nó ar an aidiacht ar a lorg i ngach tuiseal. Sa tuiseal ginideach, díochlaontar an t-ainmfhocal ina dhiaidh agus géilleann an t-alt d’uimhir agus d’inscne an ainmfhocail:
-???????an chéad fhear > clann an chéad fhir
-???????an chéad bhean > clann na chéad mhná
-???????na chéad bhlianta > lucht na chéad bhlianta
Ní chuirtear séimhiú ar a lorg más d, t nó s túslitir an ainmfhocail/na haidiachta, áfach:
-???????na chéad daoine
-???????an chéad turas
?
An dara catagóir
Cuirtear h roimh ainmfhocal dar tús guta i ndiaidh na horduimhreach dara agus na n-orduimhreacha ar fad a chríochnaíonn ar -ú:
-???????an dara hoíche
-???????an t-ochtú hábhar
?
I ndiaidh na n-orduimhreacha i ndiaidh céad, fágtar an t-ainmfhocal san ainmneach uathu gan aon athrú tosaigh (seachas i gcás guta mar a luaitear thuas):
-???????an dara madra
领英推荐
-???????an cúigiú gluaisteán
-???????an seachtú fuinneog
?
An Tuiseal Ginideach
I gcás na n-orduimhreacha seachas céad sa tuiseal ginideach, ní dhéantar an t-ainmfhocal a dhíochlaonadh:
-???????an dara bean > mac an dara bean
-???????eagraíocht tríú tír
-???????oideachas tríú leibhéal
?
Aidiachtaí
Déantar aidiachtaí a dhíochlaonadh de réir an ainmfhocail:
-???????an chéad bhean mhór
-???????an tríú fear mór
-???????na chéad scoláirí maithe
?
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an orduimhir agus conas plé léi, féach leathanach 160 sa Chaighdeán Oifigiúil: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/caighdeanOifigiul/2017/2017-08-03_an-caighdean-oifigiuil-2017_en.pdf.