GaelGram

GaelGram

Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, caithfimid súil ar conas GaelGram a úsáid agus an difríocht idir an tseirbhís sin agus GaelSpell agus Anois. Is uirlis é GaelGram a chabhraíonn leat litriú agus gramadach a sheiceáil go héasca ar líne. Oibríonn sé sa néal ar do bhrabhsálaí.

Ar nós seiceálaí litrithe, tagann sé ar bhotúin litrithe agus ghramadaí agus moltar ceartúcháin leis. Seachas bogearra ar leith, amhail Anois agus GaelSpell, a íoslódáil, is féidir logáil isteach i do chuntas GaelGram ar pé gléas atá á úsáid agat chun téacs a sheiceáil.

Nuair a aithníonn GaelGram go bhfuil botún sa téacs, molfar focal is féidir a úsáid ina ionad agus is féidir an t-athrú a dhéanamh go huathoibríoch ag baint úsáid as an gcnaipe ‘Athraigh’. Más focal nua é atá i gceart, is féidir leat an focal a chur leis an bhfoclóir nó is féidir an focal a scipeáil uair amháin nó gach uile uair a luaitear sa téacs é. Chomh maith leis sin, is féidir píosaí téacs a iompórtáil ó dhoiciméad Word go héasca agus téacsanna a sheiceáil mar sin.

Is acmhainn úsáideach é GaelGram chun litriú agus gramadach a sheiceáil. Is féidir triail a bhaint as saor in aisce anseo: https://app.gaelgram.ie/Account/Register .

#translation #gaeilge #irish #Ireland #teanga #Aistriúchán #Aistritheoir

要查看或添加评论,请登录

社区洞察

其他会员也浏览了