DNTLS
STAR Translation Recruitment
Connecting with new translators around the globe. Translation Manager at STAR Translation Services Dublin
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. An mbíonn sibh riamh in amhras faoin riail a bhaineann le cathain ar cheart athruithe tosaigh a chur i bhfeidhm agus cathain nár cheart maidir le focail a thosaíonn ar d, n, t, l nó s, nó ‘na DNTLS’, mar a thugtar orthu? Cloistear caint faoi na DNTLS sa bhunscoil ach ní haon dochar é na rialacha a bhaineann leo a thabhairt chun cuimhne arís.
Ainmfhocail + An tAlt
Mar is eol daoibh, nuair a bhíonn ainmfhocal baininscneach + an t-alt, cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal, e.g. an mháthair. Ní shéimhítear ainmfhocail a thosaíonn ar d, t, n, l nó s, áfach.
E.g. an deirfiúr, an teiripe.
Réamhfhocail + An tAlt
Cé go ndéantar athrú tosaigh ar ainmfhocail a thagann tar éis réamhfhocail + an t-alt, e.g. ar an mbus, ní dhéantar athrú ar bith má thosaíonn an t-ainmfhocal sin ar d, n, t, l nó s.
E.g. den téarma, ag an duine.
Aidiachtaí
Déantar athruithe tosaigh ar aidiachtaí a thosaíonn ar d, n, t, l nó s nuair is gá.
E.g. An bhean dheas, na réamhfhocail dheacra.
Athruithe Tosaigh ar Ainmfhocail Bhaininscneacha
Má tá ainmfhocal (nach ainmfhocal cinnte) sa ghinideach faoi réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), is gnách séimhiú a chur air. Pé scéal é, ní shéimhítear an dara hainmfhocal má chríochnaíonn an chéad ainmfhocal ar d, n, t, l nó s agus má thosaíonn an dara hainmfhocal ar d, t nó s.
E.g. saotharlann taighde, Cúirt Dúiche.
Athruithe Tosaigh ar Ainmfhocail Iolra a chríochnaíonn ar Chonsan Caol
Má tá ainmfhocal (nach ainmfhocal cinnte) sa ghinideach faoi réir ag ainmfhocal san iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol, is gnách séimhiú a chur air. Ní dhéantar athrú tosaigh ar ainmfhocail iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol má thosaíonn an t-ainmfhocal sin ar d, n, t, l nó s agus má thosaíonn an dara hainmfhocal ar d, t nó s.
E.g. báid seoil, focail draíochta.
Comhfhocail
Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., sárdhuine, ach amháin nuair a thagann d, n, t, l nó s le chéile.
E.g. leasdeartháir, seansaighdiúir
Réimír
Ní gnách séimhiú a chur idir réimír agus ainmfhocal a thosaíonn ar d, n, t, l nó s.
E.g. duine an-deas, an-salach.
An aidiacht éiginnte ‘aon’
Ní chuirtear séimhiú ar ainmfhocal a thosaíonn ar d, n, t, l nó s tar éis ‘aon’.
English Teacher at Granada Girls Academy || Researcher || Social activist || MA in English language teaching (ELT)|| BA in English Literature and Language || Khulna University ||
2 个月Very helpful