?? CSO Linkedin Spotlight Series
CSO (Central Statistics Office Ireland)
We collect and collate the facts & data that help guide more informed decisions about Ireland’s people society & economy
Seachtain Na Gaeilge 2025
Tá ról tábhachtach ag Oifig na Gaeilge lena chinntiú go gcloítear le riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go dtacaítear le húsáid na Gaeilge san Oifig. Labhraímid le Mairéad Carey agus Aisling Baumann ó Oifig na Gaeilge sa Phríomh-Oifig Staidrimh faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile.
Cén ról atá ag Oifig na Gaeilge sa Phríomh-Oifig Staidrimh agus cén chaoi a dtacaíonn sibh le cur chun cinn na Gaeilge san Oifig?
Cuireann Oifig na Gaeilge tacaíocht ar fáil maidir le soláthar seirbhísí tré mheán na Gaeilge sa Phríomh-Oifig Staidrimh agus tacaíocht d’ár gcomhghleacaithe maidir le dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, chomh maith. Oibrímid lenár gcomhghleacaithe sa Rannóg Cumarsáide ar shuíomh gréasáin an CSO, grafaicí faisnéise agus preasráitis. Bíonn ról againn chomh maith in imeachtaí for-rochtain phoiblí de chuid na hOifige, ar nós an Eolaí óg, Oireachtas na Gaeilge agus Aonach na Gaeilge in UCD.
An bhfuil deiseanna ann do bhaill foirne eile plé leis an nGaeilge sa Phríomh-Oifig Staidrimh?
Tá, cinnte, tá baill foirne sa Phríomh-Oifig Staidrimh le Gaeilge a bhfuil páirteach i ngrúpaí éagsúla san Oifig atá dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge – tá Pobal Dea-Chleachtas na Gaeilge againn, ina mbíonn sé mar aidhm againn an Ghaeilge a chur chun tosaigh i gcomhthéacs oibre, agus tá ciorcal comhrá nó ‘Club na Gaeilge’ ann don bhfoireann chomh maith, a bhuaileann le chéile ar bhonn seachtainiúil.
Bealach iontach is ea Seachtain na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghnáthshaol. Cad iad na himeachtaí a bheidh ar siúl sa Phríomh-Oifig Staidrimh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana?
I mbliana, beidh Tráth na gCeist againn don bhfoireann, chomh maith le feachtas feasachta faoin nGaeilge, le cabhair ón bhfoireann Cumarsáid Inmheánach. Bhí cabhair againn freisin ónár gcomhghleacaithe i nDearadh Grafaice agus Tacaíocht Priontála agus Físe chun comharthaí a chur le chéile le frásaí comhrá ginearálta i nGaeilge a bheidh le feiceáil sa cheaintín le linn Seachtain na Gaeilge. Beimid ag cur tús le Malartú Leabhar Gaeilge do dhaoine san oifig ar a mbeadh suim acu leabhair Ghaeilge a bhabhtáil. Agus, cinnte, beidh taispeántas de cheol traidisiúnta againn ag am lóin chomh maith…
Tá banna ceoil traidisiúnta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, ar an ainm ‘Sonraí’. An bhféadfá níos mó a rá faoin bhanna agus na rudaí a sheinneann sibh?
Ainm oiriúnach do bhanna ceoil traidisiúnta sa Phríomh-Oifig Staidrimh ar aon nós! Seinnimid ag imeachtaí éagsúla le linn na bliana, agus tá cúpla ball atá ann le tamall tar éis seinm le haghaidh imeachtaí in ionaid cosúil leis an Spailpín Fánach, ionad ealaíon an Triskel agus Gaol Chorcaí.
?? Foghlaim níos mó faoi Sheachtain na Gaeilge: https://snag.ie/
?? Féach ar fhíseán Sheachtain na Gaeilge: https://youtu.be/_mOV36o0qJQ
?? Téigh chuig cso.ie as Gaeilge: https://www.cso.ie/en/baile/
#SeachtainNaGaeilge #SNAG #SNAG25
?The CSO’s Oifig na Gaeilge team plays a critical role in ensuring the requirements of the Official Languages Act are upheld and the use of Irish is supported in the CSO. We spoke to Mairéad Carey and Aisling Baumann from the CSO Oifig na Gaeilge, who talked us through some of the events planned to coincide with the festival.
What is the role of Oifig na Gaeilge in the CSO and how do you support the promotion of Irish in the Office?
Oifig na Gaeilge works to support service provision through Irish in the CSO, as well as supporting our colleagues with matters relating to the Official Languages Act, We work with our colleagues in the Communication Division on the CSO’s ‘Baile’ homepage, infographics and press releases. We also play an important role in outreach, attending events such as Young Scientist, Oireachtas na Gaeilge, and Aonach na Gaeilge in UCD.
Are there opportunities for other staff members to engage with Irish in the CSO?
Absolutely, there are staff members in the CSO with Irish that are part of various groups in the Office that are directed towards promoting Irish – we have a Community of Practice for the Irish language, that aims to promote Irish in a work context, and a conversation circle, ‘Club na Gaeilge’, for staff that meets together on a weekly basis.
Seachtain na Gaeilge is a great way to promote the Irish language in everyday life. What events are planned in the CSO as part of Seachtain na Gaeilge this year?
We’re running a Tráth na gCeist for staff, as well as an awareness campaign about the Irish language in collaboration with Internal Communications. Our colleagues in Graphic Design and Print and Visual Support have helped us to put together tabletop tent cards with general Irish conversational phrases, that will be seen in the canteen during Seachtain na Gaeilge. There will also be a Malartú Leabhar/Book Swap for staff looking to swap their Irish language books. And of course, a lunchtime performance of some Irish traditional music….
The CSO has it’s own traditional Irish music band called “Sonraí”. Can you tell us a little more about Sonraí and what you play?
Sonraí is the Irish for ‘data’ – a fitting name for a band based in the Central Statistics Office! We play at various events throughout the year, and some longstanding members of the band have played for events externally in places such as An Spailpín Fánach, the Triskel Arts Centre, and Cork City Gaol.
?? Learn more about Seachtain na Gaeilge: https://snag.ie/
?? Watch the Seachtain na Gaeilge promotional video: https://youtu.be/_mOV36o0qJQ
?? Visit cso.ie as gaeilge: https://www.cso.ie/en/baile/
?
#SeachtainNaGaeilge #SNAG #SNAG25