Ceapachán Cathaoirligh agus Gnáthchomhaltaí ar Bhord údarás na Gaeltachta
Is mian leis an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin 7 duine atá fóirsteanach agus cáilithe a cheapadh ar an mBord
Teanga:
D’fhonn a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ní mór go mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag gach comhalta den bhord chomh maith le heolas maith ar Ghaeilge scríofa.
Cathaoirleach:
Tá sé i gceist ag an Aire cathaoirleach a cheapadh ar an mBord as na gnáthchomhaltaí a roghnófar. Tugtar cuireadh d’iarrthóirí spéis a léiriú sa ról breise seo agus sonraí a thabhairt ina litir chumhdaigh de na scileanna agus taithí bhreise a bheadh infheidhme aige nó aici agus an ról á chomhlíonadh.
Ní mór go léireoidh iarrthóirí:
a) fianaise ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach lena léirítear an cumas cathaoirleacht a dhéanamh ar Bhord agus
b) taithí chuí i réimse amháin ar a laghad díobh sin leagtha amach thíos.
Beifear ag dréim leis freisin go léireoidh iarrthóirí an cumas ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stiúrthóireacht, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh dearfach a chothú le POF na heagraíochta d’fhonn dea-rialachas a éascú.
Gnáthchomhaltaí:
Próifílí
1. Rialachas Corparáideach agus Comhall
Ní mór d’iarrthóirí taithí ábhartha ag leibhéal sách sinsearach a léiriú lena dtaispeánfar eolas ar shaincheisteanna rialachais agus taithí de bheith ag déileáil leo.
Inmhianaithe
- Cáilíocht chuí i Rialachas Corparáideach/Bainistiú Riosca
2. Taithí Earnála
Ní mór d’iarrthóirí taithí fhairsing a léiriú i réimse amháin díobh seo ar a laghad
- cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga
- forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta
- forbairt pobail/cur chun cinn na n-ealaíon
Inmhianaithe:
- Cáilíocht chuí sna réimsí luaite thuas m.sh. gnó, bainistíocht, bainistíocht airgeadais/cuntasaíochta, pleanáil teanga agus nó forbairt pobail.
Dáta Deiridh: 15.00 ar an 9 Samhain 2017.