Cén chaoi ar cheart duit seirbhís a dhéanamh do dhuine mar abhcóide dlí? - Cuid 1

Cén chaoi ar cheart duit seirbhís a dhéanamh do dhuine mar abhcóide dlí? - Cuid 1

Is é an príomhdhualgas atá ort mar abhcóide dlí ná comhairle a thabhairt do do chliant maidir le feidhmiú an dlí ar céard a rinneadh, nó ar féidir go ndéanfaí, maidir le do chliant. Má tá tú ag déanamh abhcóideacht ar son do chliaint, tá dualgas breise, leas an chliaint a chur chun cinn trí labhairt nó scríobh ionas go ndéanfaí socrú nó cinneadh ab fhearr dó nó di.

Chun an dá rud sin a dhéanamh, tá ort foghlaim faoi na gníomhaithe a rinneadh sa chás agus céard ba mhaith le do chliant go ndéanfaí. Roimhe sin, tá ort comhaontú a shocrú leis an duine a bheith mar abhcóide dó nó di. Mar chuid den chomhaontú sin, in ainneoin gur minic nach ndeirtear go díreach a leithéid, is féidir aontú céard a dhéanfaidh an abhcóide (agus caithinn dhéanfaidh) agus céard a dhéanfaidh (a íocfaidh) an cliant (agus caithinn). Chun an chomhaontú sin a shocrú, áfach, b’fhéidir go mbeadh ort an gaol eadraibh, agus do dhualgais, a mhíniú don duine atá ag iarraidh do sheirbhís. Braitheann an dualgas sin féin ar an dtuiscint atá ag an duine nó a ghníomhaire. Tá ort a bheith an-cúramach comhairle a thabhairt sa chás sin, mar is páirtithe in idirbheartaíocht i gcoinne a, nó ar a laghad, ní le, chéile sibh ag an am sin, agus ní cliant agus abhcóide go dtí go socraítear an chomhaontú.

Roimhe sin uilig, áfach, tá ort cinntiú cé hé nó í do chliant. Bíonn sé sin soiléir i gcásanna áirithe, ach ní bhíonn i gcásanna eile. Is féidir fíordhuine nó pearsa samhailteach a bheith mar do chliant; pearsa samhailteach a nglactar sa dlí mar fíor amháin, stáit, oifigí áirithe agus cumainn áirithe san áireamh. I gcás phearsan samhailtí, tá ar oifige de gníomhú ar a shon. I gcás fíordhuine, bheadh duine eile riachtanach chun a leithead a dhéanamh má tá míchumas áiritithe aige nó aici nó más páiste é nó í. Is féidir le duine freisin cead a thabhairt do dhuine eile gníomhú ar a shon in ainneoin nach bhfuil air nó uirthi é sin a dhéanamh. Tugtar ‘aturnae’ ar ghníomhaire den saghas sin, ach tugam anseo ‘gníomhaire’ amháin ar gach saghas agus ‘aturnae’ ar aturnae dlí amháin. Is féidir le duine gníomhú ar son duine atá marbh chomh maith.

Beag beann ar an an duine féin nó duine eile atá ag gníomhú ar a shon, b’fhéidir go mbeadh sraith eile sa chaidreamh, aturnae dlí. Má tá aighneas idir an duine agus duine eile maidir lena gceart nó a ndualgas dlíthiúil, tá cosc ort treoracha a ghlacadh ar son an duine ach amháin ó aturnae ar a shon. Mura bhfuil a leithead aighnis ann, tá tú saor treoracha a ghlacadh ón duine féin nó a ghníomhaire. Déanann aturnae an-difríocht duit mar abhcóide mar go bhfuil dlíodóir gairmiúil eile ann ag míniú agus ag tabhairt comhairle don duine agus ag glacadh treoracha uaidh nó uaithi nó óna ghníomhaire. Chomh maith leis sin, agus chomh tábhachtach, is minic gur fearr an tuiscint a bhíonn ag aturnae ar dhuine agus an léargas a thugann sé ar céard a tharla agus céard ba mhaith leis go dtarlóidh.

Cúis amháin air sin ná gur minic gur dlúth an caidreamh atá ag an gcliant leis an aturnae ná leis an abhcóide. Tá aturnaetha suite i ngach baile agus is minic a bhíonn aithne phearsanta ag aturnae ar a chliant, agus eolas ar shaol an chliaint, mar gheall air sin. Cúis eile air ná go mbíonn a lán oibre dlíthiúil a dhéanann aturnaetha nach úsáideann siad abhcóide ann. Níl ar aturnae abhcóide a úsáid riamh, mar tá cead acu déanamh chomh maith gach rud a bhfuil cead ag abhcóidí a dhéanamh. Ach fiú má úsáideann aturnae abhcóidí uaireanta, bíonn a lán oibre nach mbíonn gá ar bith ann d’abhcóideacht nó saineolas ar réimse dlí nach mbíonn taithí ag an aturnae air. Is minic a bhíonn aithne ag aturnae ar chliant agus eolas ar a shaol de bharr na hoibre sin roimh don obair a bhfuil ceangal ag abhcóide leis. Cúis amháin eile gur minic gur fearr glacadh treoracha aturnae ná glacadh abhcóide ná go bhfuil an méid taithí ginearálta ag aturnaetha é a dhéanamh. Beagnach gach lá a mbíonn ar aturnae éist le scéal agus tola duine nach bhfuil tuiscint aige nó aici féin ar an dlí nó ar an méid atá ábharach.


要查看或添加评论,请登录

Aodhán ó Riain的更多文章

社区洞察

其他会员也浏览了