Ag Bogadh Chun Tosaigh le Chéile Symud Ymlaen Gyda'n Gilydd
Bhí cuairt dhá lá an-spreagúil, an-suimiúl agus an-tairgiúl ag toscaireacht ó Roinn Cultúr Ealaíon Fóillíochta agus Forbairt Feirste chun na Breataine Bige ar an 21ú agus an 22ú Eanair. B'é an sprioc a bhí leis an chamchuiart ná eolas a roinnt lenár gcomhghlacaithe Breathnacha agus chun féidearthachtaí chomhoibrithe a chíoriú.
Bhuail an toscaireacht le ceannródaithe Cymreag idir fheidhmeannaigh rialtais agus ghníomhaithe pobail ann. Ar an Déardaoin 21ú tugadh cuairt ar Fhoirgnimh Rialtais, áit ar chuireadh fáílte roimh na héireannaigh ag Iwan Evans, Oifigeach Sinseartha Polasaí I Rannóg na Breathnaise sula ndeachaigh na cuairteoirí ar aghaidh chuig Mhinter Caerdydd (Lárionad Pobail Chaerdydd) agus Yr Hen Llyfrgell (An Sean Leabharlannn) ceann cheathrú Cultúrlann úr Caerdydd.
Ar an toscaireacht éireannach bhí Denis McMahon, Buanrúnaí na Roinne, Fionntáin MagAoidh Brainse na dTeangacha agus Uiscebhealaí éireann, Sinclair Stockman, Curadh Fiontraíochta na Ceathrún Ghaeltachta, Seán Mistéil 's Jake MacSiacais Cathaoirleach agus Stiúrthóir Forbairt Feirste.
Ar an dara lá den turas bhí deis ag an toscaireacht bualadh ag Foirgnimh an Rialtas Carmarthen le Dilwyn Jones, Oifigeach Sinseartha i Rannóg Pobail agus óige an Rialtais agus le Owain Gruffydd, Menter Bro Dinefwr a oibríonn ag leibheál an phobail ag forbairt líonraí Breatnaise agus ag forbairt seirbhísí fríd an teanga d'óg agus aosta araon.
Cuireadh deaireadh leis an chamchuairt ag Ionad Pobal agus gnó Yr Atom I gCarmarthen áit ar bhuail na héireannaigh le Gwylim Dyfri Jones, Leas Uachtáran Ollscoil na Breataine Bige, Iola Wyn, Bainisteoir Yr Atom, Garffild Llyod Lewis, Stiúrthóir Cumarsáide, Margaíochta agus Páirtnéieachtaí.
Ag gabháil buíochas ar leith le Fionntán MgAoidh, RCEF agus le Trudy Heald, Brainse Polasaí Phobail, a rinne na socraithe uilig don turas dúirt Cathaoirleach Forbairt Feirste, Seán Mistéil go raibh sé féin agus gach duine a bhí i láthair antógtha faoi na féidearthachtaí a d'fhéadfadh forbairt amach anseo.