2016 Bliain Cinniúnach Do Ghaeltacht Feirste
Bliain cinniúnach gan dabht a bheas i 2016 do Ghael Phobal Feirste agus é ag toiseacht ar an bhealach is fearr ar fad le hobair ag tosnú ar an dara babhta de thógáil ar shuíomh Ard na bhFeá. An forbairt Caipitil Gaeilge is mó in éirinn, le blianta.
Lainseáil Aogán ó Fearghail, Uachtarán Chumann Luthchleas Ghael agus an tAire Cultúir Caral Ní Chuilín Béal na Carraige, an dá chúirt ardchaighdeánach liathróid lámha ag deireadh 2015 agus anois ag tús na bliana úir táthar £11,357,001.43 a infheistiú i gColáíste Feirste. Tá Forbairt Feirste dóchasach fosta go dtiocfaidh dearbhú roimh I bhfad ar chaiteachas de £3.4m eile i mórthionscadal Spórtlann na héireann. Ansin tabharfaidh muid aghaidh ceart ar scéim títhíocht Ghaeilge Crannóg na bhFeá.
Agus murach leor sin don bhliain beidh £1.7m eile a chaitheamh ar thosaíocht Iontaobhas na Gaelscolaíochta, áras na bhFál, Ionad Gnó Ghaeilge ag coirneál an Bhealach Leathán a chuirfeas go mór le hinfrastruchtúr na Ceathrún Ghaeltachta.
“Táimid ar bís leis an dul chun chinn ata déanta le blianta beags anuas,” a dúirt Cathaoirleach Forbairt Feirste, Seán Mistéíl.
“Tá sprioc againn chun £50m d’infheistiú caipitil a tharraing isteach sa Cheathrú Ghaeltachta agus táimid píosa maith chun tosaí ar an áit a shíl muid tamall de bhlianta ó shin agus muid ar tairgéad leis an sprioc a bhaint amach. Tá muid tiománta fosta go dtabharfar aitheantas de thabhacht an tosaíocht seo le haitheantas ón dá dlínse a chinntiú don Cheathrú Ghaeltachta mar Chroí Thionscadal eiseamláireach don Oileán agus don Eorap.”
Tá Forbairt Feirste tiománta fosta chun Gaeil Chúige Uladh a ghríosiú chun Seachtain éirí amach na nGael a cheiliúradh ar fud an chúige ón 24 go dtí an 30ú Aibreann. Beidh an béim againn féin ar réimse leathán d’imeachtaí a reachtáil do Ghael Phobal Feirste agus ansin críochneoidh muid an Seachtain spleodrach seo le mórcheiliúradh i nGaeltacht Thír Chonáill ar deireadh seachtaine an 29ú Aibreann.
Bliain cinniúnach gan dabht. Ní neart go cur le chéile.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le: [email protected] 02890438597